Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 12:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt Samúéil leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh. Rinne sibh na cionta seo go léir; ach ná casaigí i leataobh ó bheith ag leanúint an Tiarna, ach déanaigí seirbhís don Tiarna ó chroí go hiomlán.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n‑urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.

Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.

Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.

Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.

Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: “Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b'fhéidir go n‑éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.”

Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.

Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!’

“Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,

Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n‑adhradh,

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,

agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.

Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí