Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 12:11

An Bíobla Naofa 1981

Ansin sheol an Tiarna Iarubál, Bárác, Iaftá agus Samúéil. D'fhuascail sé sibh ó chumhacht bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mhair sibh gan bhaol.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

(Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.

Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.

Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: “Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: ‘Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.

Leis sin, d'iompaigh an Tiarna chuige á rá: “Éirigh amach i do neart agus saor Iosrael ó chumhacht Mhidián! Nach mise féin a chuireann uaim thú?”

Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: “An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.”

Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: “Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.”

D'éirigh Iarubál (Gideón is é sin) an-mhoch, agus rinne a lucht leanúna go léir amhlaidh, agus shuíodar a longfort ag Éan Harod; bhí longfort Mhidián lastuaidh díobh, sa chom faoi bhun shliabh Mhóire.

Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin.

Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d'Iosrael.

Thuig Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, go raibh Samúéil ceaptha ina fháidh don Tiarna.

Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí