Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 11:8

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá.

Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir.

Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.

Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” D'imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.

D'éirigh Samúéil agus d'imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin. Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.

Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d'fhir Iúdá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí