Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.”
Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,
Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: “Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.”
Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá.