Agus mheall sé chuige croí fhir Iúdá go léir, agus iad ar aon aigne; chuireadar teachtaireacht go dtí an rí á rá: “Fill ar ais, thú féin agus do shearbhóntaí go léir.”
ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”
D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.