Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 11:11

An Bíobla Naofa 1981

Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”

Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.

Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.

óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.

Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil.

Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca.

Shéid na trí díormaí ar a n‑adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: “(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!”

Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.

Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: “Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin .i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d'Iosrael go léir.”

Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí