A luaithe a thug Sól cúl le Samúéil le himeacht uaidh chuir an Tiarna croí eile ina chliabh agus cuireadh na comharthaí sin go léir i gcrích an lá sin.
Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit.
Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.
agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.
Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.