Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 10:23

An Bíobla Naofa 1981

Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.

Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde.

Bhí duine de mhuintir Bhiniáimin darbh ainm Cís, mac Aibíéil, mac Zarór, mac Bhacórat, mac Aifía; Biniáimineach ba ea é agus fear an-saibhir.

Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí