1 Samúéil 10:19An Bíobla Naofa 1981Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.” Féach an chaibidil |
Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.