Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 10:16

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”

Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.

Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

tráth stróicthe, tráth fuála, tráth tosta, tráth cainte,

Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.

Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d'ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d'fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d'ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin.

Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.”

Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”

Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: “Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n‑inseoidh mé briathar Dé duit.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí