Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.
Ansin thugadh Éilí a bheannacht d'Ealcáná agus a bhean á rá: “Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.” Ansin théidís abhaile.