Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 1:2

An Bíobla Naofa 1981

Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh.

Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.

Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.

Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.

Dúirt Láimic lena mhná: “A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór! A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil! Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadh agus ógánach de bharr mé a bhualadh.

“Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.

Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi.

Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí