Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 1:19

An Bíobla Naofa 1981

D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.

Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d'éist sé léi agus d'oscail sé a broinn.

Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. “Fuaireas mac,” ar sí, “le cúnamh an Tiarna.”

Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.

Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.

I moiche na maidine bím ag glaoch ort; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Ná cuimhnigh ar chionta m'óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.

Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia!

Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé.

D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.

Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”

Gibeón, Rámá, Beaerót,

Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.

Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól.

Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.

Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.

D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.

Fuair Samúéil bás agus chruinnigh Iosrael go léir le chéile chun é chaoineadh. Adhlacadh é ina theach i Rámá. D'imigh Dáiví leis ansin agus ghabh síos go fásach Mháón.

D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.

Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá.

Le breacadh an lae ghlaoigh Samúéil ar Shól ar dhíon an tí: “Bí i do shuí,” ar sé, “go seolfaidh mé ar do bhealach thú.” D'éirigh Sól agus chuadar beirt, é féin agus Samúéil, amach ar an tsráid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí