agus dúirt sé léi: “An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.”
Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -
Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,
An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat? Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.
Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon.
An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan?
Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán d'fhíon úr atá siadsan.”
agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.
Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.