Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:

Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.

Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia.

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.

Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí