Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Samúéil 1:10

An Bíobla Naofa 1981

Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”

Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.

Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith.

Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.

Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.

Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt Agus a líonann mé le dobrón.

Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.

Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna, ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo; beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé, agus m'anam go goirt ionam istigh.

Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.

Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.

Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.

Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta.

Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.

Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.

Chuaigh an pobal go Béitéil agus d'fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.

Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.

Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d'éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí