Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.
Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.
Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,”
San am sin nuair nach raibh aon rí in Iosrael, bhí Léivíteach ag cur faoi in áit iargúlta in ardáin Eafráim. Ghlac sé bean luí chuige as Beithil in Iúdá.
Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.
D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.
Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].
Gabh siad trí ardáin Eafráim, agus trí chríoch Sháilíseá, ach ní bhfuair siad na hasail. Ghabh siad trí chríoch Sheáilím, ach ní raibh siad ann. Ghabh siad trí chríoch Bhiniáimin, ach ní bhfuair siad iad.
Nuair a tháinig siad go dúiche Zúf, dúirt Sól leis an seirbhíseach a bhí in éineacht leis: “Téanam, téimis ar ais nó cuirfidh m'athair de a imní faoi na hasail agus cromfaidh sé ar bheith imníoch fúinne.”