Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 9:5

An Bíobla Naofa 1981

daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.’

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”

agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’

“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.

Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.

ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí