Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.
Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.
Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha.
Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: “Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.”