Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 9:16

An Bíobla Naofa 1981

(ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.

Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.

Tar éis d'iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo.

Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.

Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí