(thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám.
Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,