1 Ríthe 8:66An Bíobla Naofa 1981Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá]. Féach an chaibidil |
An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.
Ghabh siad cathracha daingne, Agus tailte méithe; Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d'ollmhaitheasaí, Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ, Ar chrainn torthaí go flúirseach. Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán; Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil.