1 Ríthe 8:64An Bíobla Naofa 1981D'ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan. Féach an chaibidil |
Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.
Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.