Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.
Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.
Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra.
Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”
Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.
“A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.
Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.