Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 8:54

An Bíobla Naofa 1981

Mar is tusa a roghnaigh iad ó phobail na cruinne go léir mar oidhreacht agat féin, mar a d'fhógair tú trí Mhaois do shearbhónta, nuair thug tú ár sinsir ón Éigipt amach, a Thiarna Dia.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna lenár sinsir nuair a thug sé amach as tír na hÉigipte iad.”

Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.

Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.

Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”

Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin,

Nuair a bhí an méid sin ráite aige, lig sé é féin ar a ghlúine agus rinne sé guí chun Dé leo go léir.

Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí