Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 8:37

An Bíobla Naofa 1981

tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

“Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar;

trí bliana de ghorta, nó trí mhí de scrios faoi lámha do naimhde agus claíomh do namhad á ropadh ionat, nó trí lá faoi chlaíomh an Tiarna agus plá sa tír ar feadh trí lá agus aingeal an Tiarna ag déanamh léirscrios ar chríocha Iosrael go léir.’ Socraigh anois cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”

á rá: ‘Má bhuaileann tubaiste sinn - cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta - seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d'ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n‑aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.’

Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste.

Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera, ós é atá [ar tí do mhillte].

San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá,

“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!

ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.

Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí