1 Ríthe 8:30An Bíobla Naofa 1981De lá agus d'oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: ‘Is ansin a bheidh m'ainm.’ Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo. Féach an chaibidil |
agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.