Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 8:28

An Bíobla Naofa 1981

Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).

Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat.

tabhair cluas go grinn agus súil go géar do ghuí do shearbhónta, an ghuí atá á déanamh agam chugat anois de lá agus d'oíche ar mhaithe le clann Iosrael, do shearbhóntaí; admhaím na peacaí a rinneamarna, clann Iosrael, i d'aghaidh; pheacaigh mise agus pheacaigh teaghlach m'athar.

Go n‑éirí m'urnaí mar thúis i d'fhianaise; go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.

Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.

Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.

Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m'osna.

Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna, óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.

Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna:

Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí