Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?
Cuir chugam dá bhrí sin fear oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, agus ar éidí corcra, craoraga, agus ar éidí gorma, agus ar cheird an ghreanta chomh maith. Níor mhór dó oibriú le mo cheardaithe oilte anseo in Iarúsailéim agus in Iúdá, an mhuintir a sholáthraigh m'athair Dáiví.
Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Tá aithne agam ar fhear i gCríost agus ceithre bliana déag ó shin fuadaíodh é go harda na bhflaitheas. Níl a fhios agam cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh di - ag Dia amháin atá a fhios -
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.