Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.
Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.
Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”
Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.
ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’
Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.
ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”