Agus d'oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d'oscail sé é, d'éirigh an pobal go léir ina seasamh.
labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.
“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.