Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.
Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.
Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.
An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.