Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d'adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha.
Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”
Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.