na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d'ór fíre; ceapa doirse d'ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill.
Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.
Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí.
Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin.
“Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.