Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 7:50

An Bíobla Naofa 1981

na coinnleoirí d'ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d'ór;

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.

na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d'íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d'ór fíre a dhéanfaidh tú iad.

Caithfidh na smóladáin agus na sileadáin a bheith d'ór fíre.

Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.

Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.

Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”

Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,

Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra.

Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil - seicil an tsanctóra - an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d'ór sna báisíní sin ar fad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí