ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.
Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
Bhí fosta ceithre thábla de chlocha snoite do na híobairtí dóite, a bhí banlámh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh ar airde, ar a gcuirtí na gréithre go léir le haghaidh marú na n‑íobairtí dóite agus na n‑ofrálacha.
altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d'adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”
Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.
Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.