Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.
Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn.
Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:
Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha.
Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.