Ar dhéanamh rothaí carbaid a bhí na rothaí; teilgeadh idir fhearsaid, agus fhonsa, agus spócaí, agus mhol.
Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha.
Bhí na ceithre roth faoi na trasnáin, agus bhí fearsaidí na rothaí d'aon phíosa leis na seastáin, agus ba bhanlámh go leith airde gach rotha.
Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d'aon phíosa na teanntaí agus na seastáin.