Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.
Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.
Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.
Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.
Maidir le cuma a n‑aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl.