Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.
Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.
Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill.
Chuir sé suas na colúin os comhair halla an Teampaill, ceann ar dheis, agus ceann ar chlé. Thug sé Iácaín ar an gcolún ar dheis agus Boaz ar a pháirtí ar chlé.
an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);
Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.
An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.
Dúirt máthair a céile léi: “Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!” Ansin d'inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: “Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.”