Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:
Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.