Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 7:16

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.

Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.

Rinne sé cúig pollaí agus naisc ag gabháil leo chun é seo a chrochadh; chumhdaigh sé a mullaí agus a dtrasnáin d'ór; ba de chré-umha a gcúig ceapa.

Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche.

Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead.

Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.

Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí