Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.
Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:
Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin.
Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha.
Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.
Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n‑ursaineacha ar gach taobh.