Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 6:27

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile.

Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní.

D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí.

Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile.

San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí.

Leathadh na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go mbeidh cathaoir na trócaire faoina scáth; tabharfaidh na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.

Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí