Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,
Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.
Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”