Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé.
Bhí sinsir Ghabal, agus a fir dheaslámhacha ionat, ag calcadh do shiúntaí. Bhíodh loingeas na farraige uile agus a bhfoirne mairnéalach ar cuairt trádála agat.