Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Ríthe 5:17

An Bíobla Naofa 1981

“Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad; titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.

“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?

(Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.)

Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).

Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé.

Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: ‘Dhoirt tú a lán fola agus d'fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair.

Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí