Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.
Cheap Solamh seachtó míle fear leis na hualaí a iompar agus ochtó míle fear le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh orthu.
Chuir Solamh an teachtaireacht seo go Húrám rí na Tuíre: “Déan liomsa mar a rinne tú le Dáiví m'athair, agus gur sheol tú céadair chuige le teach a thógáil ina gcónódh sé.
Agus lean na ceannairí orthu: “Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.” Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.