Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus d'fhilleadar ar thír na bhFilistíneach.
“Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athairse agus d'athairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.”
déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc.
uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.”
Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.
I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,