Ba eagnaí é ná aon duine eile, ba eagnaí é ná Éatán an tEazráchach, agus ná Héamán ná Calcol ná Darda, clann mhac Mháchól. Leath a cháil i measc na gciníocha go léir máguaird.
Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d'iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.